Is planda blátha é barr an mhilltigh mara (Triglochin maritima). Fásann sé timpeall an domhain sna bólaí ó thuaidh. Faightear é in eanaigh agus riascanna agus ar chladaigh, áiteanna ina mbíonn an talamh fliuch. Is planda nimhiúil é mar gheall ar an gciainíd atá taobh istigh ann. Cailltear eallach uaireanta dá bharr sin.