dcsimg

Faoileán an Aigéin Chiúin ( Irish )

provided by wikipedia GA

Faoileán an-mhór is ea Faoileán an Aigéin Chiúin (Larus pacificus), de bhunadh chóstaí na hAstráile. Tá sé measartha coitianta idir Carnarvon san iarthar, agus Sydney san oirthear, cé go bhfuil sé tar éis éirí ganna i roinnt áiteanna ar an oir-oirthear, mar thoradh ar iomaíocht ó na ceilpfhaoileáin, a bhfuil "féin-thagtha" ó na 1940í.

I bhfad níos mó ná an faoileán geal uileláithreach, agus ní chomh coitianta, bíonn faoileáin an Aigéin Chiúin de ghnáth le feiceáil ina n-aonar nó i mbeirteanna, ag bodaireacht thart ar imeall an chladaigh, ar patról go tomhaiste go hard os cionn os cionn an tsáile, nó (uaireanta) ag ropadh thar bráid go hárd sa ghaoth chun sliogéisc nó cuán mara a ligean anuas ar na carraigeacha.

Tacsanomaíocht

B'é an t-éaneolaí John Latham sa bhliain 1801 a rinne an chéad chursíos ar fhoileán an Aigéin Chiúin ó líníocht de chuid Thomas Watling, áit a raibh an t-ainm áitiúil taifeadta mar Troo-gad-dill.[1][2] Tagraíonn a bhuafhocal don Aigéin Chiúin.

Aithnítear dhá fhospeiceas: an fospeiceas a bhí ainmnithe ar dtús mar an speiceas féin L. p. pacificus ón chósta thoir theas agus ón Tasmáin, agus L. p. georgii as an Astráil Theas agus an Astráil Thiar.[3]

Cur síos

 src=
Éan óg

Is é faoileán an Aigéin Chiúin an t-aon fhaoileán mór ina raon, seachas ó am go chéile an ceilpfhaoileán. Is féidir an speiceas seo a bheith 58 go go 66 cm ar fhad agus le réise sciathán 137 go 157 cm ar a fhad. De ghnáth, bíonn meáchan ó 900 go dtí 1,180 g acu. Bíonn an speiceas seo den chuid is mó bán, le sciatháin agus droim dorcha agus bíonn a ghob an-tiubh, cumhachtach, buí deargbhiorach, agus (i gcomparáid le speicis eile faoileáin). Bíonn faireoga salainn acu a thálann uisce salainn trí na polláirí. Bíonn cluimhreach bhreacdhonn ar na héin ar fud a gcorp, agus de réir a chéile, faigheann siad a gcluimhreach aosach; roimh a cheathrú bliain, is deacair an faoileán óg seo agus éan fásta a aithint ó chéile.

Tagairtí

license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA

Faoileán an Aigéin Chiúin: Brief Summary ( Irish )