Crann síorghlas nó duillsilteach, dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is fhothrópaiceacha, i bhforaoisí báistí na machairí den chuid is mó. Malartaíonn na duilleoga agus déanann craobhacha leacaithe. Tá na bláthanna neamhghnéasach, ina n-aonar nó i gcrobhaingí beaga in ascaillí duilleog, prócachruthach le 3 nó 5 liopa leata, bán, buí nó scothdhearg. Is é dátphluma an toradh, caor ar chailís sheasmhach. Sa chuid is mó de na gnéithe bíonn an t-adhmad bán seachtrach bog, ach an croí dubh adhmaid, éabhann na trádála, an-chrua. Timpeall 700 speiceas, cuid mhaith díobh saothraithe as an adhmad sármhaith is na torthaí inite.