Iasc foghlach mara a fhaightear in uiscí éadoimhne cois cladaigh i dtuaisceart na hEorpa is an Mheánmhuir, de ghnáth faoi chumhdach carraigeacha, céanna, long briste. An cholainn sorcóireach, suas le 2.7 m ar fhad. Na gialla cumasach, na fiacla cónacha suite gar dá chéile. Itheann sí éisc, crústaigh is ceifileapóid den chuid is mó. Baolach do thumadóirí.