Cuid mhaith iasc le colainn ramhar, forleathan i bhfarraigí trópaiceacha is measartha. San Eoraip bíonn sé le fáil ón Meánmhuir go dtí an Iorua. Suas le 50 cm ar fhad, an ceann maol cruinn, scothbhándearg nó dearg le spota mór dorcha os cionn na heite uchtaí. An-tóir ag iascairí air, agus gabhtar ar bhonn trádálach é in áiteanna.