Galar víreasach i gcait, atá gaolmhar le víreas easpa imdhíonachta daonna (HIV) ach scartha uaidh. Ní chuireann an víreas ná an galar isteach ar dhaoine. Tarlaíonn raon comharthaí cliniciúla sa chat de réir mar a sháraíonn orgánaigh eile a chóras imdhíonach. Tarlaíonn athlasadh ainsealach don bhéal de bharr fiabhrais gan stad, agus leanann cailliúint thapa meáchain é sin. Ní féidir diagnóis chruinn a dhéanamh ar na comharthaí seo gan an fhuil a thástáil.