dcsimg

Eilifint Indiach ( Irish )

provided by wikipedia GA

Is ainmhí mór í an eilifint Indiach. Elephas maximus indicus an t-ainm eolaíoch.Mamach atá ann, fospeiceas de chuid eilifint na hÁise. Tá trí fhospeiceas eile ann: E. m. sumatranus, E. m. maximus agusE. m. borneensis.

Tá sé le fáil san India agus i dtíortha eile freisin: an Bhanglaidéis, An Bhútáin, an Chambóid, an tSín, Laos, An Mhalaeisia, Burma / Myanmar, Neipeal, an Phacastáin, An Téalainn agus Vítneam.

Bíonn na heilifintí Indiacha suas le 6.4m (21 troigh) ar fhad, 2-3.5m ar airde ag an ngualainn (6.6 - 11.5 troigh) 2.7 - 4.5 tona ar meáchan. Bhí an eilifint Indiach is mó riamh 8m (26 troigh) ar fhad, 3.5m (11 troigh) ar airde agus ocht dtona ar meáchan.



Ainmhí
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA