Is éan cladaigh í an fheadóg ghlas (Pluvialis squatarola). Is ball d'fhine na Charadriidae í. Tá a talaimh goir go léir sna bólaí Artacha. Tógann an fheadóg ghlas a nead ar an talamh lom ar chóstaí agus oileáin an Aigéin Artaigh sa samhradh, agus caitheann sí an chuid eile den bhliain i ngnáthóga inchurtha leo sin ar fud an domhain, chomh fada ó dheas leis an tSile.